An tábhacht a bhaineann le vacsaín MMR agus a bheith airdeallach ar an mbruitíneach

HSE Ireland 08 05 2025 HSE Measles Irish thumbnail image

A Chomhghleacaí, a chara,

Tuairiscíodh breis agus 120,000 cás den bhruitíneach san Eoraip in 2024. Sin dhá oiread an lín cásanna a tuairiscíodh in 2023, agus is é an líon is airde cásanna ó bhí 1997 ann.

Tá leanaí faoi bhun 5 bliana d’aois go háirithe leochaileach i leith deacrachtaí tromchúiseacha sláinte de bharr an bhruitíneach. Is ionann iad agus níos mó ná 40% de na cásanna. Tá cásanna den bhruitíneach á dtuairisciú in Éirinn fós.

Tá FSS ag scríobh chun do thacaíocht a iarraidh chun tuismitheoirí, caomhnóirí agus baill foirne a chur ar an eolas faoin méid seo a leanas:

 súil a choinneáil amach do shiomptóim na bruitíní

 an tábhacht a bhaineann leis an vacsaín MMR (an bhruitíneach, leicneach agus an bhruitíneach dhearg) chun leanaí a chosaint

Bheimis buíoch dá dtabharfá tacaíocht d’iarrachtaí cosc a chur le scaipeadh na bruitíní trí:

1. Eolas faoi chomharthaí na bruitíní a roinnt le tuismitheoirí. Is féidir leat cóip de phóstaer na bruitíní FSS a íoslódáil agus smaoineamh ar é a thaispeáint i do shaoráid cúraim leanaí nó i do scoil.

2. Tuismitheoirí a spreagadh chun cuairt a thabhairt ar www.immunisation.ie. Tá eolas anseo faoin tábhacht a bhaineann le vacsaín MMR agus conas é a fháil.

Tá litir shamplach dréachtaithe againn. Roinn é seo le tuismitheoirí, le do thoil.

 Íosluchtaigh litir ANSEO

Print

Cookies make it easier for us to provide you with our services. With the usage of our services you permit us to use cookies.
More information Ok